Rinne Cumann Chluain Árd in iarthar Bhéal Feirste ceiliúradh ar 90 bliain a bhunaithe ar na mallaibh le tráthnóna speisialta comhdhála.
Tá an Cumann, a bunaíodh in 1936, aitheanta mar bhunchloch na hathbheochana i mBéal Feirste agus bhí baint lárnach ag baill an Chumainn i mbunú Ghaeltacht Bhóthar Seoighe sna 1960idí.
Is iomaí duine a tháinig fríd na doirse a raibh ról tábhachtach acu i saol na Gaeilge sa chathair agus ar fud na tíre. Duine acu sin ná Albert Fry, nach maireann, a bhí ina Chathaoirleach ar Chumann Chluain Árd agus ar an chéad Uachtarán Ultach ar Chonradh na Gaeilge.
Léigh anseo tuairisc a rinne Meon Eile in ómós d’Albert in 2021.
Tá an Cumann ag dul ó neart go neart i gcónaí agus ranganna Gaeilge, oícheanta sóisialta agus imeachtaí eile ar siúl ann i rith na bliana.
Thug Meon Eile cuairt ar an tráthnóna comhdhála agus labhair muid le cuid den phainéal cainte. Is é an t-ábhar a bhí á phlé acu ná ‘Dá mbeadh cead cainte ag an Ghaeilge, cad a déarfadh sí?’.
D’inis Pól Deeds, an Coimisinéir Gaeilge ó thuaidh, dúinn faoin tuairim a bhí aige faoin ráiteas agus faoi cé chomh suntasach is atá Cumann Chluain Árd i bhforbairt na Gaeilge i mBéal Feirste.
Labhair Diarmaid Ua Bruadair linn faoin nasc s’aige féin leis an Chumann nó bhuail a thuismitheoirí lena chéile ann sna 1960idí agus tógadh ar Bhóthar Seoigh é. Tá Diarmaid ag obair leis an Roinn Oideachais faoi láthair agus mhínigh sé an ról a d’imir Cumann Chluain Árd i gcur chun cinn an Ghaeloideachais.
Bhí April Ní Ír, irischraoltóir le Raidió Fáilte, ar an phainéal agus labhair sí faoi eispéireas an duine óig agus faoin tionchar a d’imir na glúnta a tháinig romhainn ar shaol na Gaeilge inniu.
Is é Séamas Ó Donnghaile Cathaoirleach an Chumainn agus d’inis seisean dúinn faoi stair Chumann Chluain Árd agus faoin tsraith imeachtaí atá ar na bacáin le ceiliúradh a dhéanamh ar an bhreithlá 90 bliain.
