Gaeil i gCéin - Katie Roskams

Tá an tsraith 'Gaeil i gCéin' ag leanúint ar aghaidh inniu, sraith ina mbuaileann muid le daoine éagsúla ar fud na cruinne a bhfuil Gaeilge líofa acu agus a insíonn cad chuige ar thug siad faoin teanga a fhoghlaim

An tseachtain seo is í Katie Roskams as Alnwick Shasana atá linn. Tá Katie ag foghlaim na Gaeilge le cúig bliana anuas agus bheadh sé de nós aici teacht go hÉirinn go minic roimh an phaindéim.

Bhunaigh sí féin agus a cuid comharsan togra tacaíochta frithpháirtí le cuidiú a thabhairt dóibh siúd a bhí thíos leis de bharr Covid.

Bíonn sí ag garraíodóireacht chomh maith agus fásann sí a cuid glásraí féin. Maith í féin!

Close
Close