Coinnímis ag ceol le chéile - Edel Ní Churraoin

Inniu cuireann Meon Eile tús le sraith úr cheoil dar teideal 'Coinnímis ag ceol le chéile'. Bhuail muid le seisear ceoltóirí agus amhránaithe Gaelacha in Áras Mhic Reachtain i mBéal Feirste agus labhair muid leo faoi shaol s’acu mar cheoltóir agus faoi na dóigheanna a ndeachaigh an dianghlasáil i bhfeidhm orthu. 

Le linn na géarchéime seo, ní bhíonn móran de dheis ag daoine seinm le chéile ná éisteacht le ceol beo mar sin shocraigh Áras Mhic Reachtain agus Meon Eile go dtabharfadh muid blaiseadh don lucht féachana go dtí go mbeidh muid in ann sin a dhéanamh arís. 

San fhíseán thíos, tugann Daithí Mac Uait, bainisteoir imeachtaí Áras Mhic Reachtain, intreoir don tsraith. Is eisean a thug cuireadh do na ceoltóirí seinm agus, le cuidiú ón Chomhairle Ealaíon, bhí deis acu airgead a thuilleadh le linn an paindéime fosta.

Is ar Edel Ní Churraoin atá an spotsolas sa chéad chlár, í ag tabhairt cur síos ar an ghrá atá aici féin don cheol agus ar a tábhachtaí atá sé i saol an duine. Bhí spraoi agus craic againn agus muid ag éisteacht léi ag seinm an bhosca ceoil.

Tuilleadh eolais le fáil anseo.


Close
Close