Coinnímis ag ceol le chéile - Cormac ‘Buzz’ Ó Briain

Is é seo an cúigiú clár sa tsraith 'Coinnímis ag ceol le chéile'. Bhuail Meon Eile le seisear ceoltóirí agus amhránaithe Gaelacha in Áras Mhic Reachtain i mBéal Feirste agus labhair muid leo faoi shaol s’acu mar cheoltóir agus faoi na dóigheanna a ndeachaigh an dianghlasáil i bhfeidhm orthu. 

Le linn na géarchéime seo, ní bhíonn móran de dheis ag daoine seinm le chéile ná éisteacht le ceol beo mar sin shocraigh Áras Mhic Reachtain agus Meon Eile go dtabharfadh muid blaiseadh don lucht féachana go dtí go mbeidh muid in ann sin a dhéanamh arís. 

Inniu is é Cormac ‘Buzz’ Ó Briain atá linn. Is as Iarthar Bhéal Feirste é Cormac agus, roimh an phaindéim, bheadh sé ag seinm fud fad na cathrach. Tá Cormac in ann roinnt uirlisí eagsúla a chasadh agus sheinn sé ar an phíb uilleann. 

Labhair sé linn faoin áit as a dtáinig an spéis agus an grá atá aige don cheol, faoina dhearcadh dearfach i leith na paindéime agus faoia bhfuil ar siúl aige anois go bhfuil a shaol mar cheoltóir proifisiúnta curtha ar ceal go sealadach.

San fhíseán thíos, tugann Daithí Mac Uait, bainisteoir imeachtaí Áras Mhic Reachtain, intreoir don tsraith. Is eisean a thug cuireadh do na ceoltóirí seinm agus, le cuidiú ón Chomhairle Ealaíon, bhí deis acu airgead a thuilleadh le linn an paindéime fosta.


Close
Close