Ar chúl an cheamara - le Bláthnaid Ní Chofaigh

Agus oíche na nGradam Cumarsáide buailte linn tá duine acu siúd atá ainmnithe inár gcuideachta inniu sa tsraith ‘Ar Chúl an Cheamara’.

Tá na blianta taithí ag Bláthnaid Ní Chofaigh ag obair mar chraoltóir teilifíse le RTÉ.

Cláracha Béarla den chuid is mó atá curtha i láthair aici ach i mbliana tugadh an deis di a clár féin a chur i láthar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Craoltar a clár ‘Bláthnaid Libh’ gach Sathairn 11:00-12:00. Is irischlár lán le craic agus spaoi atá ann, dírithe ar Ghaeilgeoirí Chúige Laighean.

Tá Bláthnaid Ní Chofaigh ainmnithe ar ghearrliosta le haghaidh Chraoltóir na Bliana ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 2016 agus tá an clár ‘Bláthnaid Libh’ ainmnithe fosta.

Beidh ‘Bláthnaid Libh’ ag teacht beo as Cathair na dTreabh amárach agus Bláthnaid agus an fhoireann ag dúil go mór leis cheana féin

Labhair Bláthnaid linn faoina baile dúchais, Ráth Chairn, faoi fheimineachas, faoin spraoi a bhaineann lena clár úr ‘Blathnaid Libh’ agus neart eile…

Ar chúl an cheamara - le Bláthnaid Ní Chofaigh
Close
Close