Suathaireacht Spóirt le Colin Drain

I ndiaidh do Colin Drain céim a bhaint amach sa tsuathaireacht spóirt, bhunaigh sé a ghnó féin, Sonas Remedial & Sports Massage. Thóg sé bothán taobh thiar den teach agus fuair sé an trealamh uilig, ach ansin tháinig Covid-19 agus bhí air na pleananna uilig a chur siar. D’oscail sé na doirse trí mhí ó shin agus tá an gnó ag dul ó neart go neart ó shin. 

Ag an tús, gortuithe spóirt is mó a bhí ar na custaiméirí a bhí ag teacht chuige ach de réir a chéile, thosaigh lear mór daoine ag teacht chuige agus pianta orthu a bhain leis an obair.  

Thug Meon Eile cuairt ar bhothán Colin i Lios na gCearrbhach agus é ag thabhairt suathaireacht spóirt don reathaí Seán Turner. Labhair muid leis an bheirt acu agus rinne siad cur síos ar an tábhacht a bhaineann le haire cheart a thabhairt do na matáin agus tú ag dul don spórt. 

Má bhíonn aon ghortú spóirt ag cur as duit, nó má bhíonn aon phian i do chorp de dheasca struis nó de dheasca na hoibre, is féidir dul i dteagmháil le Colin anseo chun coinne a dhéanamh duit féin le suathaireacht a fháil. 

Close
Close