Rath agus bláth ar an 16ú bliain d’Fhéile Peile na nGaelscoileanna

Gach bliain cuirtear Féile Peile na nGaelscoileanna ar siúl do gach Gaelscoil i mBéal Feirste. Bhí an 16ú heagrán den fhéile ann ar na mallaibh ag Spórtlann na hÉireann, Iarthar Bhéal Feirste.

Bíonn roinnt duaiseanna le baint ar an lá, ina measc trófaithe, boinn agus turas saor in aisce do thrí scoil le cuairt a thabhairt ar Chomórtas Peile na Gaeltachta.

Is í aidhm na n-imeachtaí ná páistí a spreagadh lena gcuid Gaeilge a úsáid taobh amuigh den seomra ranga i dtimpeallacht spraíúil spreagúil inar féidir leo idirghníomhú le páistí ó scoileanna éagsúla agus a gcuid scileanna peile a chleachtadh lena chois.

Is é Corn Uí Mhuirí príomhchorn na hócáide, a ainmníodh in ómós don pheileadóir agus Gaeilgeoir, Liam Ó Muirí, a fuair bás 16 bliana ó shin. D'fhreastail teaghlach Liam ar an lá speisialta agus labhair iníon s’aige ag an bhronnadh.

Labhair Meon Eile le múinteoir Rang 4 ó Ghaelscoil Éanna, Niamh Ní Dhochartaigh, agus le duine de na heagraithe Brian Mac an tSionnaigh as Ionad Uíbh Eachach. Bhí focal againn fosta le roinnt páistí bunscoile a ghlac páirt sa lá faoin ghrian.

Close
Close