Athoscailt Pháirc Sheáin Mhic Cumhaill

D’fhill lucht leanúna pheil Dhún na nGall ar Pháirc Sheáin Mhic Cumhaill, Bealach Féich, Dé Sathairn seo caite agus foireann sinsir na bhfear ag tabhairt aghaidh ar fhir Chorcaí i mbabhta 2A de Chraobh na hÉireann.

Ba é seo an chéad chluiche a imríodh i bPáirc Mhic Cumhaill, páirc an chontae, ó cuireadh tús le hobair athchóirithe i mí Aibreáin 2025. Idir an dá linn, imríodh cluichí baile na bhfear i bPáirc Uí Dhomhnaill, Leitir Ceanainn, nó i bPáirc an Athar Uí Thiarnaigh, Béal Átha Seanaidh.

I measc na n-athchóirithe bhí athdhromchlú na páirce, tógáil ballaí nua timpeall na dtaobhlínte agus feabhsú ó thaobh draenála de. Chuala Meon Eile ó Mháire Ní Chochláin, Cathaoirleach CLG Dhún na nGall, a labhair linn faoin obair seo agus faoi thábhacht Pháirc Mhic Cumhaill do phobal na peile.

Cé nach raibh an lá le Dún na nGall, ba lá bródúil é don chlub áitiúil ar leo an pháirc, CLG Sheáin Mhic Cumhaill, agus an obair chrua a rinneadh á taispeáint do na sluaite a tháinig chuig an chluiche. Labhair muid le Claire Donnelly, ball den chlub, faoin iarracht a cuireadh isteach roimh an chluiche leis an pháirc a ullmhú agus faoin bhród a bhain leis an lá.

Ghlac Niamh Ní Dhubhgáin, tacaí na foirne, an t-am le labhairt linn faoin ócáid agus bhuail muid isteach chuig an Cool Creamery, siopa caife in aice le Páirc Mhic Cumhaill, le cluinstin ó Maeve Lafferty faoin tionchar a bhíonn ag na laethanta móra seo ar ghnólachtaí áitiúla.

Close
Close