Sraith Dhomhanda Aill-tumadóireachta Red Bull

Tá na tumadóirí aille is fearr ar domhan ag tabhairt spórt guaisbheartaíochta do leibhéal thar a bheith ard. Ritheann comórtas Red Bull ar fud na cruinne, ag tosnú i mí Iúil in Oileáin Asóir agus ansin ar aghaidh go hInis Mór, Bostún, An Bhreatain Bheag sula gcríochnaíonn sé in Wadi Shab i Meán Fómhair. Is ón Fhráinc, Meiriceá, Sasana, Meicsiceo, Poblacht na Seice agus An Cholóim iad na tumadóirí cumasacha seo agus bhí Sarah de Búrca i láthair ar Inis Mór Árann agus na tumadóirí cróga i mbun tumtha 28 méadar, a mhair thart ar 3 soicind. Bhí na daoine ar bís agus ní dhéanfaidh muintir an oileáin dearmad ar an imeacht go luath.

Sraith Domhanda Tumadóireacht d'Aill Red Bull / Sarah de Búrca

Bhain Artem Silchenko ón Rúis an babhta in Inis Mor ach níl buaiteoir na sraithe cinntithe go fóill. Beidh níos mó le feiceáil an Déardaoin seo chugainn ar TG4.

Close
Close