‘Gaelic4Mothers&Others’ faoi sheol ag Naomh Gall

Is decair an rud é an t-am a chur thart agus do pháiste i mbun traenála leis an chlub áitiúil, ach tá réiteach ag CLG ar an fhadhb…

Eagraítear seisiúin traenála mar chuid den scéim ‘Gaelic4Mothers&Others’ chun máithreacha agus mná eile a mhealladh chun páirt a ghlacadh i peil na mban.

Tá foireann mar seo faoi lán seoil ag Cumann Naomh Gall in Iarthar Bhéal Feirste, faoi stiúir an traenálaí Michael Culbert.

Tugann an club deis do mháithreacha páirt a glacadh i spórt foirne agus a bpáistí féin ag imirt lena dtaobh ar an pháirc chéanna.

Ach tá an club oscailte do mhná gan pháistí chomh maith, mná atá ag iarraidh áit a aimsiú le giota aclaíochta a dhéanamh, abair, mar aon le cairde úra a dhéanamh trí spórt sóisialta. 

Tá an scéim seo thar a bheith coitianta anois le clubanna in achan chontae ag glacadh páirt ann. 

Bíonn ‘blitz’ bliaintúil i ngach cúige anois chomh maith le ‘blitz’ náisiúnta ina nglacann tuairim is míle bean páirt ann.

Chuaigh Meon Eile chuig seisiún traenála chun blaiseadh a fháil den scéim. 

Tá tuilleadh eolais le fáil ach dul chuig: https://ladiesgaelic.ie/lgfa-hub/games-development/lidl-gaelic4mothersothers/

Close
Close