Na Sáirséalaigh - Cumann Peile á Ghaelú

Tá an cumann peile Na Sáirséalaigh i gCill Laobháin, Contae Mhuineacháin, i lár tionscadal mór Gaeilge le bliain anuas agus é mar aidhm acu an teanga chumarsáide ar an pháirc a athrú ‘Ó Bhéarla go Gaeilge’.

Ba mhian leo seo a dhéanamh leis an fhoireann sinsir, an coiste agus na baill, mar aon le húsáid na Gaeilge a spreagadh sa phobal mór chomh maith.

An sprioc ghearrthréimhseach atá ag an chumann ná páirt a ghlacadh i gComórtas Peile na Gaeltachta i mbliana.

Má tá siad ábalta é sin a dhéanamh beidh siad ar an chéad chlub riamh as Muineachán le bheith san iomaíocht. 

Tá grúpaí ar nós Glór na nGael agus Foras na Gaeilge ag tacú lena ndúshlán.

Chuaigh Meon Eile go Muineachán chun bualadh leis na Sáirséalaigh!

Close
Close