Mná spóirt á gceiliúradh i bPáirc an Chrócaigh

Mar chuid den fhéile Seachtain na Gaeilge le Energia agus chun comóradh a dhéanamh ar Lá Idirnáisiúnta na mBan, bhailigh mná spóirt na tíre le chéile i bPáirc an Chrócaigh ag tús mhí an Mhárta le ceiliúradh a dhéanamh ar a bhfuil bainte amach acu.

Bhí painéal cainte den scoth i láthair le spórt na mban a phlé agus an craoltóir aitheanta agus ambasadóir Sheachtain na Gaeilge Gráinne McElwain mar bhean an tí. In éineacht léi ar an phainéal bhí Eimear Considine, an t-imreoir rugbaí agus ambasadóir eile Sheachtain na Gaeilge agus Máire Treasa Ní Dhubhghaill, láithreoir agus eagarthóir spóirt TG4.

Tá éachtaí iontacha bainte amach ag an triúr seo i gcaitheamh na mblianta agus iad uilig i mbarr a réime faoi láthair. Chuala muid caint ionraic uathu agus mhínigh siad na rudaí is féidir linn uilig a dhéanamh chun tacú le spórt na mban. 

Cuireadh an-bhéim ar thábhacht an fheachtais 20x20 ag an imeacht maidir le spórt na mban a chur chun cinn in Éirinn. Is í aidhm an fheachtais seo ná go dtiocfaidh méadú 20% ar ghnéithe éagsúla den earnáil roimh dheireadh na bliana seo chugainn – 20% faoi 2020, nó 20x20 go gairid. Mar a deir Gráinne McElwain áfach; "Ní bhaineann seo le haon bhliain amháin. Tá muid ag iarraidh go leanfaidh daoine ar aghaidh ag tabhairt tacaíocht do na mná iontacha seo."

Bhí an t-imeacht á reáchtáil in éineacht le CLG agus mar chuid den oíche bhí taispeántas scileanna ó cheathrar imreoirí camógaíochta idirchontae atá i gcathaoireacha rotha, taispeántas a eagraíodh mar chuid den scéim ‘GAA do Chách’ / ‘GAA For All’. 

Labhair muid le Gearóidín Ní Thairbhís, an tOifigeach Náisiúnta Éagsúlachta agus Rannpháirtíochta, faoin scéim thábhachtach seo agus faoin ghá le laochra nua a fheiceáil i gCumann Lúthchleas Gael.

Rinneadh seo a thaifeadadh sular cuireadh scaradh sóisialta i bhfeidhm.

Close
Close