Mná ag flaidireacht ar son na hÉireann

Bhunaigh Anne Geary as Contae Mhaigh Eo Cumann Flaidireachta Ban na hÉireann sa bhliain 1990. Bhí iníon le Anne, Mary Geary, ina captaen ar an bhfoireann don chéad cheithre bliana agus bhí an bheirt acu an-phaiseanta faoin iascaireacht le cuileoga. Is í aidhm an Chumainn ná ban-iascairí a spreagadh chun freastail agus páirt a ghlacadh in ócáidí iascaireachta agus chun iascaireacht na mban a chur chun cinn.

Eagraíonn an Cumann imeachtaí sóisialta i rith na bliana timpeall na tíre ar fad. Déanann an Cumann iarracht maoiniú a thabhairt gach bliain chun foireann na mban a chur chun cinn agus chun seans a thabhairt dóibh dul in iomaíocht le foirne ó Shasana, Albain agus an Bhreatain Bheag. Gach bliain eagraíonn an Cumann ceithre thriail ar fud na tíre chun foireann na mban a roghnú.

Mná ag flaidireacht ar son na hÉireann / Sarah de Búrca

I mbliana bhí an chéad triail ar siúl ar loch Cárthaí i gContae Chiarraí ar an 30ú Márta, bhí an dara triail ar siúl i Loch Coirib i nGaillimh ar 18 Bealtaine. Bhí an tríú triail ar siúl in aice le Baile na gCros san Iarmhí ar an gcead lá de mhí Mheán Fómhair agus beidh an triail dheireanach ar siúl i gContae Aontroma ar an 20ú lá de mhí Dheireadh Fómhair. Roghnófar an fhoireann i ndiaidh na gceithre thriail.

Bíonn laethanta oscailte agus laethanta oiliúna ar siúl i rith na bliana ag Cumann Flaidireachta Ban na hÉireann agus bíonn siad i gcónaí ag cuartú daoine nua chun páirt a ghlacadh sa Chumann.

Close
Close