Gnéasachas sa spórt

Le bliantaí fada anuas, tá léar mór cainte faoi spórt na mban agus an míchothromas agus gnéasachas a tharlaíonn ann go rialta. Agus níos mó ná 50% de chailíní agus mná óga ag fágáil an spóirt sula mbaineann siad 20 bliain d’aois amach, is léir go bhfuil fadhb ann.

Tá rialacha difriúla ann do na mná i mbeagnach achan spórt, ó liathróid láimhe go dtí an pheil Ghaelach agus an difear idir an chamógaíocht agus an iománaíocht. 

Bhuail Meon Eile le triúr a bhfuil baint acu le cúrsaí spóirt. Ciara Gault a d’imir camógaíocht agus í níos óige agus anois atá ina cóitseálaí do na cailíní ag CLG Naomh Pól i mBéal Feirste.

Labhair muid le Neasa Kennedy a imríonn peil Ghaelach agus atá ag obair le HerSport.ie, eagraíocht a chuireann spóirt chun cinn i measc cailíní fud fad na tíre.

Labhair muid fosta le Chrissie de Risemann a imríonn peil Ghaelach agus camógaíocht do CLG Naomh Eoin. Is comhordaitheoir LGFA agus cóitseálaí de chuid Naomh Eoin í chomh maith. 

Thug an triúr acu samplaí den ghnéasachas a chonaic siad féin agus iad ag fás aníos agus thug siad comhairle faoi na dóigheanna is fearr chun an fhadhb seo a réiteach.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ag hersport.ie

Close
Close