"dúil sa dúchas" - Campa Chormaic

"dúil sa dúchas" - Campa Chormaic

Tá ocht mbliana imithe ó d’éag Cormac McAnallen, duine de laochra Gael ár linne, fear a bhuaigh gach gradam agus craobh dá bhfuil ann i gCumann Lúthchleas Gael.

Cuireadh Campa Cormaic ar bun ina ómós i 2005, é mar sprioc aige oidhreacht an fhathaigh as Tír Eoghain a spreagadh i measc na n-óg tríd an teanga, cultúr agus na cluichí Gaelacha.

Gach samhradh bíonn an campa á reachtáil i dTír Eoghain, Aontroim, Doire, agus An Dún. Os cionn 700 a d’fhreastal ar champaí na bliana seo, méadú 30% ar an bhliain anuraidh.

D’fhiosraigh Shane Ó Curraighín foras an champa agus spéis na hóige ann agus Campa Cormaic faoi sheol i mBéal Feirste.

Campa Chormaic / Shane Ó Curraighín
Close
Close