Campa Chormaic Aontroma 2017

Tá Campa Chormaic Aontroma ar siúl an samhradh seo don seachtú bliain as a chéile.

Cuireadh tús le Campa Chormaic i gContae Thír Eoghain sa bhliain 2004 i ndiaidh don imreoir peile clúiteach Cormac McAnallen bás a fháil mar gheall ar ghalar croí.

Campa spóirt, le béim ar an Ghaeilge agus ar an chultúr Gaelach, atá ann agus spiorad Chormaic á chur chun cinn.

Tá borradh mór tagtha faoi líon na bpáistí le roinnt blianta anuas le beagnach 100 páiste ag freastal achan seachtain ar Champa Chormaic Aontroma.

Bhuail Meon Eile leis na cóitseálaithe agus páistí ar an lá deireanach den chéad seachtain i mbliana i mBunscoil an tSléibhe Dhuibh.

Close
Close