Ceardlann féinchosanta le Sean McComb

Nochtadh an nuacht ar na mallaibh gur maraíodh 30 bean ó thuaidh ó bhí 2020 ann. Chuaigh an scéal seo go mór i bhfeidhm ar an dornálaí proifisiúnta Sean McComb, agus mar sin deagraigh sé ceardlann féinchosanta do mhná in éineacht le Missile Fitness agus Kova Combat.

Sa cheardlann, a bhí saor in aisce, dfhoghlaim grúpa ban faoi roinnt modhanna féinchosanta, idir an choraíocht agus an dornálaíocht.

Labhair Meon Eile le Sean i ndiaidh na ceardlainne, a raibh an-éileamh air. Dinis sé dúinn faoin atmaisféar dearfach a bhí le mothú ar an lá agus faoin sprioc a bhí aige muinín na mban a thóil. Mothaíonn sé go bhfuil sé iontach tábhachtach tacaíocht a thabhairt do mhná i gcónaí, go háirithe anois agus an banmharú go mór i mbéal an phobail sa Tuaisceart.

Is mór an t-éileamh a bhí ar an cheardlann agus mar sin de tá Sean, Missile Fitness agus Kova Combat ag iarraidh níos mó ceardlanna dá leithéid a shocrú, ag tosú ag deireadh na míosa seo.

Má tá tú ar lorg tuilleadh eolais faoi na ceardlanna seo, lean Missile Fitness  anseo.

Close
Close