“Iománaíocht: ár n-oidhreacht agus ár spórt náisiúnta - ní coir í"

D’eagraigh an Mairéad Farrell Republican Youth Committee agóid ar an Satharn seo caite chun aird a tharraingt ar eachtra a tharla, dar leo, ina ndearna an PSNI bagairt ar leaid óg a bhí ag iompar camáin in iarthar Bhéal Feirste.

Bhuail baill Shinn Féin le hionadaithe PSNI inné chun líomhaintí na ndaoine óga i leith na bpéas a phlé. Dhiúltaigh an PSNI cuir síos a dhéanamh ar ábhar an chruinnithe le Meon Eile, ach dúradar gur pléadh “ceisteanna leanúnacha sa cheantar”.

D’fhreastail Meon Eile ar agóid an tSathairn, agus labhair muid le lucht an léirsithe faoi na heachtraí a thit amach ina gcomharsanacht.

"Is é Iománaíocht ár nOidhreacht - Ár Spórt Náisiúnta - Ní Coir É"

Bhuail Eoin McShane, Cathaoirleach ar an Mairéad Farrell Republican Youth Committee, agus Paul Maskey, Ball Parlaiminte Iarthar Bhéal Feirste, leis an PSNI inné chun an Offensive Weapons Act a phlé.

Dúirt Paul Maskey le Meon Eile tráthnóna inné gur phléigh ‘’Sinn Féin líomhaintí gur bhagair baill áirithe ó Sheirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann ar dhaoine óga as camáin a iompar in Iarthair Bhéal Feirste”.

“Mhaígh daoine óga gur dhúirt péas áirithe leo go raibh ‘uirlisí armáin’ nó ‘offensive weapons’ ina seilbh acu.”

“Dheimhnigh an PSNI nach ‘uirlis armáin’ é camán le linn an chruinnithe. Dúradar go ndéanfaidís athbhreithniú ar thaifead a mbaill faoi líomhaintí na ndaoine óga,” arsa an tUasal Maskey.

Dúirt ionadaí ó Phreas Oifigeach PSNI…“a number of senior officers in west Belfast met with a number of local representatives in the area to discuss ongoing issues in the area.”

Close
Close