Bhailigh pobal Ionad Uíbh Eachach in Iarthar Bhéal Feirste le chéile in ainneoin na haimsire ar na mallaibh chun tús a chur le Gairdín Pobail Uíbh Eachach.
Chuaigh an grúpa i mbun oibre chun spás pobail agus oideachasúil a chruthú don cheantar áitiúil agus do pháistí Ghaelscoil na bhFál atá suite in aice leis an ionad pobail.
Roghnaíodh an spás glas atá taobh thiar den ionad nach raibh in úsáid le blianta anuas agus tá an obair anois faoi lán seoil chun é a ghlanadh agus a fháil réidh agus muid ag bogadh i dtreo an Earraigh.
Is iad Brian Mac an tSionnaigh agus Pilib Ó Duibhir atá i mbun an togra agus tá siad ar bís faoin deis a bheas ag an phobail áitiúil leas a bhaint as an dúlra agus as an spás nádúrtha, go háirithe ó tharla gur ceantar gnóthach é Bóthar na bhFál.
Beidh an chéad lá oibre eile ag titim amach ar an 27 Feabhra. Dá mba mhaith leat a bheith bainteach leis an obair seo, téigh i dteagmháil le [email protected]

