Thug grúpa daoine óga ó Fhóram na nÓg cuairt ar an taispeántas ‘Long Kesh: Inside Out’, ar Bhóthar na Seanchille i mBéal Feirste ar na mallaibh.
Bhí na daltaí ar an chéad ghrúpa Gaeilge a thug cuairt ar ionad ACT Initiative leis an taispeántas a fheiceáil. Pléann an taispeántas le heispéireas na gcimí Dílseacha i bPríosún na Ceise Fada le linn na 70idí - tá macasamhail de bhothán Nissen ann, mar aon le hábhar cartlainne.
Is é William Mitchell comhchoimeádaí an taispeántais. Is iarchimí é féin, agus bhí sé sa Cheis Fhada agus é 15 bliana d’aois. Dúirt sé go bhfuil sé iontach tábhachtach go n-insíonn iarchimithe polaitíochta a scéal, le go mbeidh an stair shóisialta cosanta agus tuiscint níos leithne ag daoine óga ó chúlraí éagsúla ar thréimhse na dTrioblóidí.
Bhí an deis ag Meon Eile dul ar cuairt chuig an taispeántas le daoine óga ó Fhóram na nÓg. Labhair muid le Teagan ann, a dúirt gur fhoghlaim sí cuid mhór faoi na Trioblóidí ó dhearcadh difriúil.
Is é Conchúr Mac Siacais Oifigeach Oideachais Fhóram na nÓg. D’inis sé dúinn gur roghnaigh na daoine óga cuairt a thabhairt ar ‘Long Kesh: Inside Out’ mar chuid den chlár ‘Gaisce-Duais an Uachtaráin’.
Bhí Jake Mac Siacais leis an ghrúpa ar an turas fosta. D’oibrigh sé le William Mitchell chun dearcadh éagsúil a léiriú do na daoine óga. Bhí Jake sa Cheis Fhada chomh maith agus dúirt sé go raibh sé suntasach na cosúlachtaí a fheiceáil idir eispéireas na nDílseoirí agus na bPoblachtach.
