Eanáir Tirim, an fiú é a dhéanamh? Tuairimí an phobail

Is minic a chluineann muid i mí Eanáir go bhfuil daoine ag tabhairt faoi dhúshlán nua, nó ag iarraidh saol agus sláinte s’acu a fheabhsú. Go háirithe i ndiaidh thréimhse na Nollag, bíonn an chuid is mó againn tinn de bheith ag ól alcóil agus, mar sin de, tugann roinnt daoine faoi ‘Eanáir Tirim’. In amanna, is ar mhaithe le carthanachtaí a dhéantar é, ach déanann go leor daoine é ar chúiseanna pearsanta fosta.

Chuaigh Meon Eile i measc an phobail le fáil amach cén tuairim atá ag daoine ar Eanáir Tirim a dhéanamh - is cinnte go raibh meascán de thuairimí ann!

Labhair muid le Tara Ní Dhuibh, Darragh Mac Dónall, Alexandra Ní Cheallaigh agus Blaithín Mhic Cana le feiceáil an mbeadh siad ag tabhairt faoi Eanáir Tirim i mbliana agus cén fáth.

Close
Close