Tuairim - Ag Filleadh ar an oifig

Anois agus an saol mór ag teacht chuige féin agus scéim na vacsaíne in éadan Covid ag dul ó neart go neart, tá caint ann arís faoi bheith ag filleadh ar an oifig agus deireadh a chur le hobair ón bhaile. Tá daoine ann atá ag dúil le filleadh ar ais ach tá daoine eile ann nach bhfuil réidh le slán a fhágáil leis na brístí compordacha agus le bheith ag obair ón tolg.

Labhair Meon Eile le Clíodhna Ní Chorráin, Léiritheoir Cúnta faoi oiliúint lena fháil amach cad é mar a mhothaíonn sí féin faoi dhul ar ais chuig an oifig go luath.

Close
Close