Trealamh cosanta pearsanta á chrúthú ag grúpaí áitiúla

Le linn na paindéime, bhí an easpa trealaimh cosanta phearsanta (TCP) ar na fadhbanna móra a bhí ag oibrithe sláinte fud fad an domhain. In Éirinn, thosaigh grúpaí áitúla ar an obair gan mhoill agus iad ag cruthú trealamh riachtanach dár gcúramóirí agus dár n-oibrithe bunriachtanacha as a stuaim féin.

Ó thús na ráige, tháinig muintir Ghleann Darach i gContae Aontroma le chéile chun tacú leis na hoibrithe sláinte ar an líne thosaigh agus trealamh cosanta pearsanta a chrúthú dóibh. Le ceithre mhí anuas, tá meitheal Ionad Teaghlaigh Ghleann Darach ag bailiú fabraice agus ábhair éagsúla chun mascanna agus cultacha máinliachta a dhéanamh do na cúramóirí, altraí agus dochtúirí sa cheantar. Rinneadh an obair seo ar bhonn deonach agus níl aon dabht ach gur chruthaigh sé atmaisféar bríomhar sa phobal. Labhair muid le Caitrín Uí Mhurchú ón Ionad faoin obair iontach ata ar siúl acu.

Agus na srianta dianghlasála ag maolú agus áiteanna poiblí ar oscailt arís, moltar don ghnáthdhuine mascanna aghaidhe a chaitheamh. Is gúnadóir í Órfhlaith Uí Thiarnaigh a oibríonn lena comhlacht teaghlaigh Taylor Dresses. Le linn na srianta dianghlasála, d'úsáid Órfhlaith na scileanna atá aici mar ghúnadóir chun TCP a dhéanamh dóibh siúd ar an líne thosaigh. Thaispeáin Órfhlaith dúinn an dóigh a ndéanann sí mascanna aghaidhe. Níl de dhíth ach fabraic chadáis, píosa leaistice agus bunscileanna fuála chun triail a bhaint as sa bhaile!

Close
Close