Cuireadh tús le tógáil an tionscadail úrnua ar na mallaibh idir Gairdín an Phobail agus Glór na Móna, is é sin ‘Tearmann Pobail Faoin Spéir’, suíomh mór talamh féaraigh atá lonnaithe ag Gael-Ionad Mhic Goill in Iarthar Bhéal Feirste. Táthar ag súil go mbeidh an suíomh ina áis iontach do dhaoine óga go háirithe, agus don mhórphobal go ginéaralta anuas air sin, chun teacht le chéile agus nasc a fhorbairt leis an dúlra.
Chuir an Scoil Ghnó ag Ollscoil na Banríona iomlán an mhaoinithe ar fáil don togra thábhachtach seo mar gheall gur roghnaíodh Glór na Móna mar charthanacht i mbliana. Chuir Glór na Móna iarratas isteach don mhaoiniú chun tuilleadh tacaíochta a fháil do ‘Sólás na nÓg’. Lonnaithe i bhfoirgneamh Ghlór na Móna, Gael-Ionad Mhic Goill, tá an cumann óige trí Ghaeilge dírithe ar pháistí agus déagóirí a bhfuil sainriachtanais oideachais orthu. Tá an cumann lonnaithe i mbothán sealadach go fóill, áit a bhfuil seomra ilchéadfach acu i stóras an bhotháin. Mar chuid den togra, beidh spás ilchéadfach taobh amuigh faoin spéir ar fáil do na daoine óga, áit a mbeidh teach spraoi do pháistí agus neart spáis acu le haghaidh spaisteoireachta agus siúlóide.
Ghlac breis agus 300 Iarchéimí de chuid Scoil Ghnó Ollscoil na Banríona páirt sa tréimhse tógála cúig lá. Bhí an tógáil faoi stiúr ag ‘Splash Projects ’le tacaíocht ó oibrithe Ghairdín an Phobail. Thug neart grúpaí eile tacaíocht i rith na seachtaine chomh maith - daoine óga ón cheantar, daltaí de chuid Choláiste Feirste, ionadaithe ó PPR (Participation and Practice of Rights) agus Grow NI, agus iarrthóirí tearmainn, chomh maith le Fóram na nÓg, Fís an Phobail agus Meitheal Uí Chadhain.
Thug Meon Eile cuairt ar an tsuíomh ar ‘Lá 5’ na tógála, áit a raibh deis againn labhairt le Stiúrthóir Ghlór na Móna, an Dr. Feargal Mac Ionnrachtaigh, le Seán Mac Bradaigh agus Noah Totten as Gairdín an Phobail agus an t-eagras PPR, agus le beirt chailíní a thug lámh chuidithe mar chuid dá n-obair dheonach le haghaidh Ghradam an Uachtaráin, Gaisce.
Is é a dúirt Feargal linn, “Tá idir Ghlór na Móna, Sólás na nÓg, agus Fóram na nÓg uilig ag obair go dlúth ar an ghairdín seo agus anois tá an spás leathnaithe amach againn agus tá muid ar bís go mbeidh seo ar fáil don mhórphobal. Tá muid ag iarraidh daoine a thabhairt taobh amuigh, ag iarraidh meas agus feasacht a ardú maidir le tábhacht an dúlra.
“Measaim go bhfuil ceist níos leithne anseo i dtaobh na teanga ann féin - measann muidne go bhfuil iarracht na hathghabhála teanga fite fuaite leis na hiarrachtaí atá uainn maidir le caomhnú aeráide. Measann muid go bhfuil dlúthbhaint stairiúil idir an Ghaeilge, an teanga agus an talamh, agus go bhfuil sin uilig ag teacht le chéile in san togra seo.”