Táirgí míostraithe á gcur ar fáil saor in aisce i mBéal Feirste

I mí Eanáir na bliana seo tháinig Acht na dTáirgí Míostraithe i bhfeidhm in Albain agus anois tá táirgí míostraithe ar fáil go hiomlán saor in aisce i ngach siopa sa tír. Tá gníomhaithe ó thuaidh ag iarraidh reachtaíocht den chineál céanna a thabhairt isteach anseo agus tá sé fógartha ag an Aire Oideachais, Peter Weir, go mbeidh táirgí míostraithe ar fáil i ngach bunscoil agus meánscoil ó mhí Mheán an Fhomhair ar aghaidh. Tá tuilleadh gnímh de dhíth áfach.

In 2019 ní raibh ach cailín amháin as gach deichniúr idir 14 agus 21 bhliana d'aois in ann táirgí míostraithe a cheannach dóibh féin, agus dúirt 40% de chailíní go raibh orthu páipéar leithris a úsáid in áit táirgí cearta. Tá níos mó ná 68,000 bean gan dídean buan sa Ríocht Aontaithe agus caithfidh na mná seo dul gan táirgí míostraithe ó mhí go chéile. Faigheann daoine gan dídean rásúir ach ní fhaigheann siad táirgí míostraithe.

Tá daoine i mbun oibre ar an cheist seo. Chuir an t-ealaíontóir Wee Nuls múrphictiúr ar bhalla i mBéal Feiste chun aird a tharraingt ar an fhadhb ach scriosadh é i ndiaidh cúpla lá. Spreagadh daoine eile áfach chun beart a dhéanamh agus tá an siopa Fitzy’s 24hr Convenience Store ar Bhóthar na bhFál ag cur táirgí míostraithe ar fáil saor in aisce anois do mhná sa cheantar. Tá táirgí míostraithe ar fáil fosta i leithreas na mban i gCumann Chluain Ard.

Chuaigh Meon Eile chuig Fitzy's, áit ar labhair muid leis an bhainisteoir Conchúr MacCába agus leis an siopadóir Caoimhe. Labhair muid fosta le Séamas Ó Donnghaile ó Cumann Chluain Ard agus le Caoimhe Ní Chathail, bean óg a chónaíonn sa cheantar agus a bhíonn ag gníomhú ar an cheist.

Close
Close