Tábhacht na sábháilteachta rothaíochta i nGaelscoil na Daróige

Ghlac páistí agus tuismitheoirí de chuid Ghaelscoil na Daróige páirt i gceardlann sábháilteachta rothaíochta le Sustrans NI an tseachtain seo caite. Bhí dhá imeacht ar siúl mar chuid den imeacht; 'Caith uait na cobhsaitheoirí', inar fhoghlaim daltaí rang a haon cén dóigh rothaíocht i gceart agus 'Scileanna Rothaíochta' faoi choinne rang a dó go rang a 7. 

Chuaigh Meon Eile ann le scileanna rothaíochta na bpáistí a fheiceáil agus labhair muid le príomhoide na scoile, Fiachra Ó Donghaile, mar aon le hÉilis Ní Chearain, atá ina múinteoir agus oifigeach taistil gníomhach sa scoil. Labhair muid fosta le Richard Farrow ó Sustrans, a bhí ag tabhairt na ceardlainne agus leis na daltaí Méabh, Daithí agus Cáel. 

Close
Close