Suíomh gréasáin Fhís an Phobail seolta

Seoladh suíomh idirlín úrnua de chuid Fs an Phobail le linn Oireachtas na Samhna 2025 i mBéal Feirste ar na mallaibh. 

Líonra pleanála teanga Iarthar Bhéal Feirste is ea Fís an Phobail - fuair an limistéar stádas oifigiúil mar cheantar líonra Gaeilge’ ó Fhoras na Gaeilge in 2018. 

Is é an sprioc atá ag Fís an Phobail don suíomh úr seo ná mol pobail a chruthú ionas go dtig le pobal na Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste nuacht, eolas nó tacaíocht a aimsiú in aon áit amháin.

Dar le Ciarán Mac Giolla Bhéin gur céim shuntasach chun tosaigh í ‘fisanphobail.com’ do Ghaeilgeoirí in iarthar na cathrach, agus go bhfuil sé tábhachtach go gcoinníonn pobal na Gaeilge suas le cúrsaí teicneolaíochta sa lá atá inniu ann.

Bhí Tomaí Ó Conghaile - scríbhneoir, aistritheoir agus bunaitheoir na hirise NÓS - i láthair chun an suíomh a sheoladh go hoifigiúil agus labhair sé faoin phobal Gaeilge in iarthar Bhéal Feirste agus an dóibh a mbeidh an áis seo ina cuidiú dóibh. 

Is féidir leat dul chuig an suíomh tríd an nasc seo.

Close
Close