Sléibhteoireacht don Intinn


Is múinteoir bunscoile í Orlaith Ní Mhaoláin a bhfuil suim aici sa sléibhteoireacht le blianta anuas. Thosaigh sí lena deartháir ag dreapadh shléibhte áitiúla na Speiríní agus de réir a chéile d’imigh sí amach léi féin. 

Anois tá sléibhteoireacht déanta aici fud fad na tíre, ó Chorrán Tuathail i gContae Chiarraí go Sliabh Mhucais i dTír Chonaill. Baineann Orlaith sult as an sléibhteoireacht, ní hamháin mar gheall ar an aclaíocht ach ar an suaimhneas intinne a thugann an caitheamh aimsire seo di.

Mothaíonn sí ar a suaimhneas agus í amuigh faoin aer úr, sáite sa nádúr agus radharcanna áille timpeall uirthi. Molann sí an sléibhteoireacht do dhuine ar bith atá ag iarraidh fáil amach as an teach go háirithe anois in aimsir na dianghlasála. Maith í!

Close
Close