Siúlóid agus caint i nGleann Chollann

Dé Domhnaigh 10 Meán Fómhair beidh siúlóid agus caint ar siúl i nGleann Chollann i gcnoic Bhéal Feirste ar mhaithe leis an Lá Domhanda um Fhéinmharú a Chosc.

Tabharfaidh an ócáid, atá á reáchtáil ag Fóram Pobail Léana an Dúin, deis do dhaoine dul amach san aer úr, siúl fríd an choill agus am a chaitheamh lena chéile. Tá sé mar aidhm ag an ócáid airgead a bhailiú do sheirbhísí comhairleoireachta Léana an Dúin a bhfuil ciorruithe ollmhóra tagtha ar a mbuiséad ar na mallaibh. I ndiaidh na paindéime agus ghéarchéim an chostais maireachtála, agus leis an mhéadú ar úsáid drugaí, tá géarghá leis na seirbhísí seo sa cheantar.

Thug Meon Eile cuairt ar sheoladh na hócáide ag an phríomhbhealach isteach chuig Gleann Chollann, áit ar labhair muid le Michael Doherty a d'eagraigh an lá, agus le Dúana Coleman ó Chlub Pheil na mBan a bhí ann le tacú leis an ocáid.

Beidh an tSiúlóid agus an Chaint ar siúl Dé Domhnaigh seo chugainn agus is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo.

Close
Close