Mórshiúl Ghaelscoil na bhFál ar son na timpeallachta

Tá daoine óga chun tosaigh san fheachtasaíocht ar son na timpeallachta ar fud an domhain agus is amhlaidh an scéal i mBéal Feirste.

Chuaigh daltaí Ghaelscoil na bhFál amach ar na sráideanna ar na mallaibhleis an scéal a scaipeadh agus fios acu nach bhfuil mórán ama fágtha agam chun an fhadhb a réiteach.

Bhí ceachtanna acu faoin chomhshaol ar scoil agus rinne siad póstaeir agus chum siad roisc don mhórshiúl.

Shiúil na páistí ó rang 5, rang 6 agus rang 7 ón scoil fríd na sráideanna go dtí Cultúrlann McAdam Ó Fiaich ar Bothair na bhFál chun an teachtaireacht a thabhairt don phobal. Fuair siad tacaíocht ó bhusanna agus carranna a shéid bonnán s’acu. 

Tá na páistí imníoch go mbeidh an domhan scriosta nuair a bheidh siad níos sine agus tá siad ag impí ar an phobal agus ar an rialtas réiteach a shocrú sula mbíonn sé rómhall.

Close
Close