Bhí halla chlubtheach CLG na Bréadaí i ndeisceart Bhéal Feirste lán go béal Dé Domhnaigh seo caite agus maidin chaifé á reáchtáil ag pobal camógaíochta an chlub le hairgead a thiomsú do Breast Cancer Ireland.
Spreagadh an mhaidin chaifé seo i ndiaidh do Torpey, na déantóirí camán clúiteacha atá lonnaithe i gCo. an Chláir, a bhfeachtas ‘Camán for a Cause’ a thosú do mhí Dheireadh Fómhair. Is é sprioc an fheachtais seo ná airgead a thiomsú do Breast Cancer Ireland agus aird a tharraingt ar fhadhb na hailse cíche.
Chuir foireann camógaíochta sinsir na Bréadaí tús le hiarrachtaí thiomsú airgid an chlub le seisiún traenála speisialta a chuir deireadh lena séasúr ar bhealach spraíúil agus fiúntach nuair a díbríodh iad sa bhabhta leathcheannais i gcraobh idirmheánach an Dúin. Chaith na himreoirí éadaí bándearga agus iad ag traenáil, agus bhailigh siad airgead ar an oíche le cur i dtreo an fheachtais.
I ndiaidh na drochaimsire ar fad an lá roimh ré, tháinig na sluaite amach as a dtithe le tacaíocht a thabhairt don mhaidin chaifé. Reáchtáladh crannchur faoi choinne camán de chuid Torpey a raibh greamán bándearg air, agus bhí na greamáin seo ar díol sa chlubtheach fosta. Tiomsaíodh níos mó ná £1,100 ar an lá.
Tá na camáin agus greamáin seo á ndíol go teoranta ag Torpey faoi láthair – téann 100% de na fáltais ó na camáin agus €3 de na fáltais ó achan ghreamán chuig Breast Cancer Ireland. Más mian leat tacú le ‘Camán for a Cause’, is féidir dul chuig suíomh idirlín Torpey agus ceann acu siúd a cheannach, nó an nasc iDonate atá ar an tsuíomh a leanstan le síntiús díreach a thabhairt.


