Seó na Nollag le Scoil an Droichid

Bhí lúchair ar dhaltaí agus foireann Scoil an Droichid seó na Nollag a chur i láthair ar an stáitse arís faoi choinne baill teaghlaigh den chéad uair tar éis na pandéime.

Bhí ceol, damhsa agus aisteoireacht den scoth le feiceáil ó dhaltaí as gach rang. Cuireadh an dráma ‘Reoite’ i láthair, bunaithe ar an scannán clúiteach ‘Frozen’ agus bhí gach rang páirteach sa dráma le chéile, rud a bhí iontach speisialta.

Bhuail Meon Eile isteach chuig Scoil an Droichid agus iad ag cleachtadh don seó agus ansin chuig Coláiste Feirste, áit ar cuireadh an seó féin i láthair. B’éacht iontach é amach is amach agus ba cheart don scoil ar fad a bheith an-bhródúil!

Close
Close