Seó na Nollag le Gaelscoil na bhFál

Is iomaí bac atá ar thuismitheoirí agus ar ghaolta cuairt a thabhairt ar bhunscoileanna le drámaí agus seónna Nollag a fheiceáil mar gheall ar an choróinvíreas, ach níor chuir sin stop le Gaelscoil na bhFál i Béal Feirste i mbliana.

Bhí deis ag gach rang sa scoil seó ar leith a chur ar ardán le meascán d'amhráin agus drámaí Nollag. Tá bláisín de gach rang san fhíseán thuas.


Close
Close