Seachtain na nDeontóirí

Tá deireadh tágtha le Seachtain na nDeontóirí i mbliana ach ní hionann sin is a rá go bhfuil deireadh tágtha le feachtas Dháithí Mhic Gabhann.

Tá an tachrán cróga ag fanacht ar chroí úr agus tá a thuismitheoirí Máirtín agus Seph ag scaipeadh scéal an deonacháin le níos mó ná bliain anois.

Thóg siad go mór ar an méid a bhí déanta acu go dtí seo i rith Sheachtain na nDeontóirí - d'éirigh leo 30 duine a chlárú mar dheontóirí i gCumann Chluain Ard, chomh maith le Coláiste Feirste. 

Bhí bua mór acu chomh maith nuair a d'éirigh leo comhairleoirí Bhéal Feirste as gach páirtí a aontú taobh thiar den fheachtas agus ceist an deonaithe orgáin á cur chun cinn go hoifigiúil acu.

Beidh Halla na Cathrach anois ina shuíomh cláraithe do dhuine ar bith atá ag iarraidh clárú. 

Is léir go bhfuil muintir Bhéal Feirste ag tacú go mór leis an chlann óg seo agus má tá suim agat tuilleadh eolais a fháil nó tacaíocht a thabhairt dóibh, téigí go Facebook ('Is Deontóir mé') nó Twitter (@Donate4Daithi).

Más mian libh clárú mar dheontóirí orgáin, tá a thuilleadh eolais le fáil ag: https://www.organdonation.nhs.uk 

An deontóir orgáin thú? #isdeontóirmé #donate

Close
Close