Na dúshláin reatha atá roimh an chóras oideachais


I mí Márta dúnadh na scoileanna uilig ar fud na tíre, mar aon le gach comhlacht agus gnó eile. Ó shin, bhí ar na múinteoirí a gcuid ranganna a bhogadh ar líne, rud a chruthaigh go leor fadhbanna praiticiúla.

Ó dheas iarradh ar scoileanna tús a chur le pleananna don seimeastar úr ach go dtí seo, níor tugadh aon chomhairle do na scoileanna sa tuaisceart. Tá príomhoidí agus múinteoirí ag iarraidh cúrsaí a shocrú ach, gan aon fhocal ón rialtas, níl mórán is feidir leo a dhéanamh. 

Tá sé ráite ag an Aire Oideachais, Peter Weir, go mbeidh daltaí áirithe ábalta dul ar ais ar scoil ag deireadh mhí Lúnasa, agus cuid eile i mí Mheán Fómhair, ach tá go leor sonraí nach bhfuil soiléir go fóill.

Shuigh Meon Eile le Pádraig Mac Cathail, múinteoir ó Choláiste Feirste, agus le Fionnuala McCotter, príomhoide Scoil an Droichid, chun labhairt leo faoi na bearta ba cheart don rialtas a dhéanamh agus faoin fhrustrachas atá orthu féin agus ar a gcuid comhghleacaithe faoin dóigh a bhfuil siad á gcoinneáil sa dorchadas.

Close
Close