Scéim Sparánachta Gaeltachta seolta i mBéal Feirste

Tá Glór na Mona in iarthar Bhéal Feirste i ndiaidh tús a chur le scéim úr scoláireachtaí do dhaoine óga ón cheantar.

Bhí ócáid i nGael-Ionad Mhic Goill ar Bhóthair na Carriage Báine le déanaí le sparánachtaí a bhronnadh ar dhaltaí scoile le cuidiú a thabhairt dóibh agus iad ag dul chun na Gaeltachta i mbliana. 

Caitheann a lán daltaí a gcuid laethanta saoire ar chúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht agus is buaicphointe bliana ag go leor acu é.

Tá costas mór ag baint le freastal ar na cúrsaí, áfach, agus is minic iad ró-chostasach do theaghlaigh sna ceantracha is boichte sa tír. 

Ag an ócáid sa Ghael-Ionad cúpla seachtain ó shin, bhronn Monica Patton agus a fear céile, Bill, maoiniú do pháistí chun tacaíocht airgeadais a thabhairt dóibh le freastal ar chúrsa Gaeltachta.

Thaisteal Monica agus Bill anonn ó Shasana leis an airgead a bhronnadh i gcuimhne a n-athar, Máirtín Ó Gacháin, a bhí ina iar-mhúinteoir agus iar-ball de Chonradh na Gaeilge agus a bhí sé an-togtha leis an Ghaeltacht.

Chuidigh an t-airgead le cúigear dalta scoile dul go Coláiste Aoidh Mhic Bhricne i ndeisceart Dhún na nGall i mbliana.

Bhí Meon Eile i láthair ag an ócáid, áit ar labhair muid leis an Dr. Pádraig Ó Tiarnaigh ó Coláiste Aoidh Mhic Bhricne, an Dr. Niall Comer agus Cúisle Nic Liam ó Chonradh na Gaeilge, Chrissie Ní Phoilín ó Ghlór na Móna, duine de na daltaí a fuair an sparánacht agus, ar ndóigh, leis an bhean fhlaithiúil í féin, Monica Patton.

Close
Close