Scoil Gheimhidh Uí Chadhain 2024

Mar chuid de Scoil Gheimhridh Uí Chadhain i mbliana, bhí sraith cainteanna ar siúl acu i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich in Iarthar Bhéal Feirste Dé Sathairn seo caite.

Éire aontaithe an príomhábhar a bhí á phlé ag na painéil, chomh maith leis an ghéarchéim thithíochta, an choimhlint sa Phalaistín agus an t-athrú aeráide, le cois nithe eile atá ag dul i bhfeidhm ar dhaoine faoi láthair.

Bhí plé sa chéad phainéal le Seán Mac Bradaigh agus Elizabeth de Young faoina leabhar nua, 'Power, Politics and Territory in the New Northern Ireland'.

Ba é 'Ag Tógáil na Poblachta Anois' téama an dara painéal agus plé le John Barry, Sianna Lafferty agus Fearghal Mac Bhloscaigh faoi chúrsaí tithíochta, an Ghaeilge agus an t-athrú aeráide.

Ba é 'Éire Nua: Ar son cén aicme?' an tríú painéal, plé ar Éirinn aontaithe le Bríd Smith, Clare Daly agus Chris Hazzard.

Ar deireadh, bhí painéal ar 'Close Guantánamo!’, comhrá idir Clare Daly agus Mansoor Adayfi a bhí i bpríosún Guantánamo ar feadh 14 bliana.

D'fhreastail Meon Eile ar gach ceann de na díospóireachtaí agus labhair muid le Seán Mac Bradaigh faoina phainéal féin agus faoi thábhacht na n-imeachtaí seo. Labhair muid fosta le Laochra Mac Iomaire ó Ghlór na Móna a d’eagraigh.

Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo.

Close
Close