Scéim Gradaim Ghlór na nGael ag dul ó neart go neart i Leitir Ceanainn

Scéim GRADAIM de chuid Ghlór na nGael ag dul ó neart go neart i Leitir Ceanainn

Tá an scéim de chuid Ghlór na nGael, GRADAIM, oscailte do chomhlachtaí agus d’eagraíochtaí fud fad na tíre chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc an phobail agus iad amuigh ag ceannach. 

Labhair Meon Eile le Bairbre Uí Chathail, Comhordaitheoir Pleanála Teanga do Leitir Ceanainn, faoin tacaíocht a thugann Líonra Leitir Ceanainn do chomhlachtaí áitiúla chun páirt a ghlacadh sa scéim áirithe seo.

Bronntar trí leibhéal gradam ar chomhlachtaí; cré-umha, airgead agus ór. Chomh maith leis sin, tá trí rannóg ann; comharthaíocht, margaíocht agus seirbhís a sholáthar trí mheán na Gaeilge. Is féidir cur isteach ar níos mó ná rannóg amháin.

Deir Bairbre gur scéim iontach í seo, agus go mbíonn an Ghaeilge níos feiceálaí i measc an phobail dá barr. 

Labhair Meon Eile le cúpla úinéir áitiúil fosta, Sanjay Mehan agus Gus Ó Drisceoil agus tá an bheirt acu thar a bheith sásta leis an scéim GRADAIM.

Is féidir clárú leis an scéim GRADAIM de chuid Ghlór na nGael anseo (https://www.glornangael.ie/gno/gradaim-2022-claraigh-anois/).

 

Close
Close