Scéim eachtraíochta Éamoinn Uí Fhaogáin

Ocht seachtaine ó shin thosaigh Glór na Móna agus Coláiste Feirste ag obair i gcomhar le chéile le scéim eachtraíochta a chur ar bun do dhaltaí scoile. Bhuail siad le chéile achan Aoine le Marty Pelan, Keri McCormish agus Marcas Mc Eochaidh ó Connected Adventure agus chuaigh siad amach le gníomhaíochtaí ar léith a dhéanamh faoin spéir.

Bhí deis acu ailleadóireacht, bollánóireacht, snámh, ióga, aireachas agus go leor scileanna eile a fhoghlaim. An phríomhsprioc a bhí acu ná sult a bhaint as na himeachtaí agus feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge. Ag deireadh na scéime, bhuail achan duine le chéile i nGael-Ionad Mhic Goill chun teastais a bhronnadh ar na daoine óga a ghlac páirt ann.

Ainmníodh an scéim i ndiaidh Éamoinn Uí Fhaogáin, fear mór uasal, fear ceoil agus spóirt agus teagaisc aitheanta a fuair bás in 2016.

Bhí Meon Eile i láthair ag bronnadh na dteastas agus labhair muid le beirt fhear óg a ghlac pairt sa scéim i mbliana. Labhair muid chomh maith le Marcas Mac Eochaidh a thug lámh chuidithe agus iad amuigh ar na heachtraí. Labhair muid le Pádraig Mac Cathail, múinteoir ó Choláiste Feirste agus le hOrliath Mhic Leannáin ó Glór na Móna fosta.

Close
Close