Scéaltaí Phadaí Eoin Mac Gairbheith - Ag neartú na Gaeilge agus stór seanchais sna Rosann

Seoladh an leabhar ‘Scéaltaí Phadaí Eoin Mac Garbheith’ ar na mallaibh. Scéalaí agus staraí iontach a bhí i bPadaí Eoin Mac Garbheith ar an drochuair a fuair bás in 2005 i ndiaidh tinneas fada a bheith air.

Bhí Padaí i gcónaí ag caint faoi leabhar a chur i gcló agus sé mhí i ndiaidh dó bás a fháil chuaigh a chara Seán Mac Suibhne agus a mhac Eoin Mac Gairbheith i mbun an togra seo ina chuimhne.

Is é seo an chéad leabhar as Loch an Iúir ó tháinig an dara heagrán de ‘Thiar i nGleann Ceo’ le Tadhg Ó Rabhartaigh ar an margadh i 1969.

Bhí go leor scríofa ag Padaí Eoin thar na blianta. Scríobh sé do ‘An tUltach’, chomh maith le ‘Amárach’, ‘Anois’, ‘Gaeltacht’, ‘Ireland’s Own’ agus ‘Ireland’s Eye’ agus tá go leor déanta aige do Raidió na Gaeltachta fosta.

Is cosúil fosta go raibh tionchar nach beag ag scríbhneoirí eile as ceantar Loch an Iúir ar an fhear óg seo, daoine cosúil le Tadhg Ó Rabhartaigh, Fionn Mac Cumhaill, Niall Mac Suibhne, Pádraig Mac Giolla Bhríde, Frainc Mac Grianna, Iósaf Ó Searcaigh agus Briainidh Ó Beirn a bhíodh i dteagmháil le Padaí Eoin go minic.

Is cinnte go mbeidh an leabhar seo ina chuidiú do neartú na Gaeilge i Loch an Iúir agus go gcuirfidh sé le stór seanchais na Rosann atá i leabharthaí cosúil le ‘Na Glúnta Rosannacha’, ‘Óglach na Rosann’, ‘Ó Ghleann go Fánaid’, ‘Idir an Dá Ghaoth’ agus ‘Rann na Feirste’.

Anois leis an leabhar nua seo ní dhéanfar dearmad ar scéaltaí Phadaí Eoin Mac Gairbheith a choíche.

scéaltaí Phadaí Eoin Mac Gairbheith
Close
Close