Osclaíodh salón gruaige agus áilleachta úrnua Dé Luain ag Acadamh Oiliúna Gaeilge, GaelChúrsaí, atá suite ag 145 Bóthar na bhFál, Béal Feirste.
D'oscail an t-acadamh an chéad salón s'acu in ionad eile an bhliain seo caite ach anois beidh tuilleadh spáis ann do na daltaí ar fad a bheidh ag tabhairt faoin traenáil den chéad uair i mbliana agus dóibh siúd atá tosaithe cheana féin.
Tá scoth na foirne lonnaithe sa salón agus beidh sé oscailte don phobal mhór fosta agus fáilte roimh dhuine ar bith teacht isteach le haghaidh seirbhísí gruaige, smididh, ingne agus eile.
Bhuail Meon Eile isteach chuig an salón úr an tseachtain seo caite agus an fhoireann ag ullmhú don oscailt. Labhair muid le Bainisteoir GaelChúrsaí, Colma Mhic Aoidh, agus le beirt teagascóirí gruaige, Mícheál Ó Cuinn agus Cliona Doran.
Is féidir GaelChúrsaí a leanúint ar Facebook agus ar Instagram.