‘I Lár an Aonaigh’: Margadh na Gaeilge i Muileann Mhic Con Midhe

Cuireadh tús le Seachtain na Gaeilge i mBéal Feirste le margadh na Gaeilge, ‘I Lár an Aonaigh’, i Muileann Mhic Con Midhe maidin Dé Domhnaigh.

Bhí ionadaíocht ag réimse leathan de ghnólachtaí agus eagraíochtaí pobail ag an mhargadh, Grace Ní Mhealláin, Píosa Císte, Mothers Against Genocide agus Ionad Uíbh Eachach ina measc. Bhí foireann Raidió Fáilte i láthair chomh maith agus iad ag craoladh go beo ón Mhuileann.

Labhair Meon Eile le Dearbhail Mhic an Bhiataigh, Feidhmeannach Feachtas Feasachta Chonradh na Gaeilge, agus April Ní Ír, irischraoltóir cúnta le Raidió Fáilte, faoin imeacht agus faoina bhfuil le teacht le linn Sheachtain na Gaeilge 2026.

Close
Close