Rúin na hAthbhliana - bearta dearfacha

Bliain ar leith a bhí in 2020 agus bhí tionchar ag an phaindéim ar gach duine againn: an gnáthshaol curtha as a riocht, daoine imithe ar shlí na fírinne de bharr an víris agus teacht isteach caillte. Leagadh tábhacht ar níos mó aire a thabhairt dá chéile agus gan an oiread airde a thabhairt ar nithe ábharaíocha.

Anois agus muid ag dul isteach in 2021, is cinnte go bhfuil an dearfacht de dhíth ó lá go lá ach cad é an dóigh is fearr leis sin a dhéanamh?

Labhair Daire Ní Chanáin linn faoi rún na hathbhliana atá aici le níos mó obair charthanachta a dhéanamh. Tá rópadóireacht beartaithe aici ar Mhúsaem an Túir i nDoire chun airgead a bhailiú don chumann Nexus a bhíonn ag tabhairt tacaíocht do dhaoine a d'fhulaing mí-úsáid ghnéis.

Níl aon amhras ach go bhfuil Daire ag cur tús maith lena rún!

Close
Close