Cuireadh tús le ranganna Gaeilge saor in aisce sa Phróca Sú, nó Juice Jar mar is fearr aithne air, i lár chathair Bhéal Feirste ar na mallaibh.
Tá na ranganna á gcur ar fáil mar chuid de chomhpháirtíocht idir an caifé aitheanta agus An Droichead, ionad pobail agus Gaeilge atá lonnaithe ar Bhóthar Ormeau i ndeisceart Bhéal Feirste.
Bíonn April Ní Ír ag obair mar mhúinteoir leis An Droichead, agus bhí sí ar bís nuair a d’iarr an t-ionad uirthi a bheith i mbun an togra nua seo. Is é an sprioc atá aici ná muinín a chothú sna daoine atá ag freastal ar na ranganna le go mbeidh siad in ann an teanga a úsáid achan lá, go háirithe agus Fleadh Cheoil na hÉireann ag teacht go Béal Feirste i gceann roinnt laethanta.
D’fhreastail Meon Eile ar an dara rang den chúrsa 6 seachtaine. Bhí níos mó ná 30 duine i láthair, rud a chuir gliondar croí ar Sheánín Keenan, atá ina hOifigeach Forbartha Gaeilge leis An Droichead. Dúirt sí gur deis iontach é seo an Ghaeilge a spreagadh i measc an phobailmhóir agus mhol sí foireann an Phróca Sú as an Ghaeilge a chur chun cinn agus as an iarracht a dhéanann siad an Ghaeilge a úsáid ó lá go lá.


