Ranganna Breatnaise ar siúl i Raidió Fáilte

Bhailigh daoine i Raidió Fáilte ar na mallaibh le freastal ar rang Breatnaise mar chuid de chúrsa 6 seachtaine le Máirín Hurndall.

Tá lúchair ar Raidió Fáilte an deis seo a chur ar fáil don phobal i mBéal Feirste mar chuid den fheachtas éagsúlachta atá mar chuid lárnach dá chur chuige i gcónaí. Chomh maith leis an Bhreatnais, bíonn réimse leathán ranganna acu, ceachtanna Sínise, mar shampla, agus go leor eile.

Bhí Meon Eile i láthair ag an rang fíorshuimiúil seo agus labhair muid le Maírín faoina taithí féin leis an teanga agus faoin tábhacht a bhaineann leis na teangacha Ceilteacha eile a fhoghlaim, go háirithe dúinne mar Ghaeilgeorí.

Labhair muid fosta le Breandán de Leigh a bhí ag tabhairt faoi chéad rang s’aige ar an lá agus mholfadh sé d’achan duine triail a bhaint as an rang agus as teanga ghalánta na Breatine Bige.

Thig leat dul i dteagmháil le Raidió Fáilte le níos mó eolais a fháil faoin rang.

Close
Close