Na babaithe i mbun réabhála!

Bhí DJ Cnámharlach i mbun na bhfonn maidin Dé Sathairn seo caite don 'Baby Rave' ag Féile na Carraige i mBéal Feirste agus is léir go raibh na babaithe uilig i nGael-Ionad Mhic Goill réidh le réabháil!

Éagraíodh an t-imeacht teaghlaigh seo le deis a thabhairt don ghlúin is óige bogadh leis an damhsa ar a stíl féin agus seans a thabhairt dá dtuismitheoirí aithne a chur ar a chéile chomh maith.

Deirtear go gcuireann fuaim, dath agus damhsa go mór le forbairt na hinchinne i mbabaithe óga 0-4 bliana d'aois, mar sin cén leithscéal eile a bheadh de dhíth ar thuismitheoir fuinneamh a thachráin a scaoileadh agus a óige féin a thabhairt chun cuimhne ag an aon am amháin?!

Close
Close