Oíche Nollag na mBan i gCrois Mhic Lionnáin

Tháinig mná Ard Mhacha Theas le chéile oíche Dé hAoine i Halla Raonaithe na Croise, Crois Mhic Lionnáin, chun Nollaig na mBan a cheiliúradh. Is tráidisiún aitheanta é Nollaig na mBan a théann siar i bhfad agus is é an nós atá ann go dtugtar sos do na mná, ón obair uilig atá déanta acu i rith na bliana agus thar thréimhse na Nollag go háirithe.

Cé go bhfuil feabhas tagtha ar chaighdeán saoil na mban agus ar an tsaoirse atá acu sa tsochaí go ginearálta, tá go fóill obair le déanamh chun cearta agus sábháilteacht s’acu a chosaint. Bheartaigh an coiste an t-airgead uilig a bheadh baillithe acu ón oíche a thabhairt do Women’s Aid Ard Mhacha agus An Dún, i ndiaidh dóibh a bheith curtha ar an eolas faoi líon na mban ón cheantar ag streachailt faoi láthair agus a bhfuil tacaíocht phráinneach de dhíth orthu.

Bhí comhoibriú ar dóigh ann idir mná Ard Mhacha Theas chun an oíche seo a eagrú, faoi stiúir Johanne Uí Dhonnghaile. Bhí rogha gach bi agus togha gach di curtha ar fáil, bhí taispeántais den scoth le feiceáil agus bhí ceol binn le cloisteáil ó Chlann Mhic Gabhann agus ó The Daly Sisters. Bhí cainteoirí spreagúla ann fosta, amhail Una Walsh, staraí áitiúil as Béal Átha an Airgid, agus Belinda O’Neill, Bean an Tí agus aoichainteoir an oíche.

Labhair Meon Eile le Johanne Uí Dhonnghaile, eagraí na hoíche, chomh maith le Bláithín Mhic Cana a bhí páirteach san eagrú fosta. Chomh maith leis sin, labhair muid le fidléir as Baile Mhic an Aba, Méabh Smyth.

Thig leat eolas breise a fháil nó tacaíocht a thabhairt do Women’s Aid Ard Mhacha agus an Dún anseo nó más maith leat cuairt a thabhairt ar shuíomh ginearálta Women’s Aid thig leat cliceáil anseo. 

Close
Close