Na céadta aighneacht i gcoinne feirm oisrí i dTír Chonaill

Na céadta aighneacht i gcoinne feirm oisrí i dTír Chonaill

Tá 3,200 aighneacht faighte ag Roinn na Mara maidir le hiarratas atá déanta le feirm oisrí a fhorbairt ar an Chruit sna Rosa i dTír Chonaill.

17ú Mean Fómhair an spriocdháta a bhí ag an Roinn chun glacadh le haighneachtaí mar chuid de phroiséas comhairliúcháin.

Chuir pobal an cheantair na céadta aighneacht chuig an Roinn ag cur in éadan na forbartha.

Tá feachtas dar teideal ‘Save our Strand’ ar bun ag muintir na háite agus iad ag troid i gcoinne na bpleananna seo.

“Níl an pobal in éadan feirmeacha oisrí ná fostaíocht a chruthú sa cheantar ach tá siad in éadan rud ar bith a dhéanfaidh dochar nó scrios ar thimpeallacht agus ar áilleacht an cheantair,” a deir siad.

Tá clú ar Oileán na Cruite siocair a thránna agus bíonn an áit dubh le turasóirí achan samhradh agus iad ag siúl cois trá agus ag snámh. Bíonn go leor tithe fán cheantar ag brath ar an turasóireacht le hairgead a shaothrú.

Tá imní ar an scoil mharcaíochta ar an oileán fosta, a bhfuil breis agus 40 ball acu, mar go mbaineann siadsan úsáid as an trá go rialta.

Na céadta aighneacht i gcoinne feirm oisrí i dTír Chonaill

Dúirt Roinn na Mara nach bhfuil cinneadh tógtha ag an Aire Michael Creed go fóill, agus nach raibh siad ábalta dáta ar leith a thabhairt dúinn ag an phointe seo, siocair líon mór na haigneachtaí.

Dúirt siad fosta go mbeadh deis achomharc a dhéanamh chuig an Bhord Achomhairc Ceadúnais Mara maidir le cibé cinneadh a thógfaidh an tAire Mara faoin fheirm.

Fógraíodh iarratas eile ag duine de bhunadh an cheantair a bhí ag iarraidh a mhacasamhail d’fheirm a thógáil ar thrá an Chéideadh, atá suite cúpla míle ar shiúl ón Chruit, ach tarraingíodh siar an t-iarratas ó shin.

Dúirt a dhlíodóir faoin chás:

“Since the application for the licence has been advertised locally, our client has become aware of resistance to the proposed venture locally. It was never our client’s intention, nor that of his family, to create any hostility or contention with his neighbours or the people who regularly use Keadue Strand.”

Close
Close