Múrphictiúr nua de Joe McDonnell

In 2009 cuireadh múrphictiúr in airde de Joe Mc Donnell i Léana an Dún in iarthar Bhéal Feirste, ach thar na blianta bhí caitheamh agus cuimilt le feiceáil air, a d'fhág go raibh ceann nua de dhíth. Shocraigh tríúr gníomhaithe ón cheantar - Pádraic MacCoitir, Míchéal Fitzsimons agus Archie Livingstone - múrphictiúr nua a chur in airde agus, le cuidiú ó Phól Torbóid a rinne an dearadh, cuireadh suas ar an bhalla é ar na mallaibh. 

Rugadh Joe McDonnel i mBéal Feirste in 1951. Phós sé Gretta agus bhí beirt paistí acu. Bhí sé ina bhall den IRA agus in 1976 cuireadh isteach sa Cheis Fhada é. An 9 Bealtaine 1981 thosaigh sé ar stailc ocrais agus trí mhí níos moille ar an 8 Iúil, fuair sé bás dá bharr. Faoi dheireadh mhí Lúnasa bheadh deichniúr fear san iomlán i ndiaidh bás a fháil.

Bhí slua mór i láthair ag nochtadh an mhúrphictiúir nua, teaghlach Joe McDonnell ina measc. Tá traidisiún láidir múrphictiúr i mBéal Feirste agus íomhánna iad a insíonn an stair pholaitiúil agus an stair shóisialta araon.

Labhair Meon Eile le Míchéal Fitzsimons, duine de na daoine ón cheantar a d’eagraigh an múrphictiú nua, agus le Colum Mac Giolla Bhéin a scríobh dán faoin stalic ocrais atá anois le feiceáil ar an mhúrphictiúr. Labhair muid fosta le hiníon Joe McDonnell, Bernadette, a bhí i láthair ag an seoladh.

Close
Close