Bhí Ard-Fheis ELEN (an Líonra Eorpach um Chomhionannas Teangacha) 2026 ar siúl i mBéal Feirste an deireadh seachtaine seo caite agus cuireadh tús léi le fáiltiú oifigiúil i Halla na Cathrach oíche Dé hAoine.
Is scáthghrúpa idirnáisiúnta é ELEN a bhfuil 182 eagraíocht ina mbaill de. Déanann na ball-eagraíochtaí seo ionadaíocht ar 51 teanga ó 25 stát fud fad na hEorpa, agus is é sprioc an ghrúpa ná na mionteangacha seo a chosaint, a chothú agus a chur chun cinn.
Tosaíodh an oíche le ceol ó Chatriona Ní Ghribín, Seosamh Mac agus Zoran Donohue agus bhí deis ag a raibh i láthair gréasánaíocht a dhéanamh lena chéile sular chuir Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge agus Comhordaitheoir Pleanála Teanga le Fís an Phobail, fáilte roimh an tslua agus roimh na cainteoirí eile.
Chualathas ansin ón Clr. Róis-Máire Donnelly, Ard-Mhéara Bhéal Feirste, ón Dr. Michael Pierse ó Ollscoil na Banríona, a labhair faoi stair na teanga ar champas na hollscoile, ón Dr. Davyth Hicks, Ard-Rúnaí ELEN, agus ón Oll. Elin Haf Gruffydd Jones, Uachtarán ELEN arb as an Bhreatain Bheag di agus a chuaigh go mór i bhfeidhm ar an tslua lena cuid Gaeilge.
Cuireadh críoch leis an oíche le taispeántas eile ceoil ó Chatriona, a chan ‘A Bhean Udaí Thall’, agus Seosamh, a rinne tionlacan giotáir di.
Labhair Meon Eile le Ciarán Mac Giolla Bhéin faoin ócáid agus faoina raibh le plé ag lucht ELEN le linn na hArd-Fheise. Bhí deis againn labhairt leis an Ard-Mhéara Róis-Máire Donnelly chomh maith, a d’inis dúinn faoin aitheantas a thugann Ard-Fheis ELEN 2026 d’obair Ghaeil Bhéal Feirste ar son na teanga le blianta anuas.


